Friday, March 13, 2009

Sinn Féin call for Irish to get top billing on street signs

On Sunday last, Sinn Féin activists changed the street sign on Dublin's main thoroughfare of O'Connell Street to its correct title of Sráid Uí Chonaill.








Tá Sinn Féin tar éis tús a chur le feachtas chun an Ghaeilge a bheith mar phríomh-theanga ar na comharthaí bóthair, mar chuid dá chlár do Sheachtain na Gaeilge.

Inné, chuir Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála ó Bhaile Átha Cliath, agus Ruadhán Mac Aodháin, iarrathóir sna toghcháin áitiúla i lár na cathrach thuaidh, comhartha bóthair Gaeilge in airde idir Sráid Uí Chonaill agus Siúlán Bachelor.

Tá an Comhairleoir Críona Ní Dháiligh chun rún a chur ós comhair Comhairle Cathrach Bhaile Atha Cliath leis chun an Ghaeilge a bheith mar phríomh-theanga ar chomharthaí bóthair na cathrach

Ag labhairt dó tar éis na hócáide, dúirt Mac Aodháin: “Tá Sinn Féin ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge. Deis atá innti chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

"D'iarr muid ar an Dáil 50% de imeachtaí na Dála an tseachtain seo chugainn a rith as Gaeilge. Ta muid ag lorg freisin go dtógfar ceisteanna an Taoisigh as Ghaeilge.

“Tá Sinn Fein ag lorg cothrom na féinne don Ghaeilge ar na chomharthaí bóthair leis agus cuirfear rún faoin cheist seo ós comhair an Comhairle Cathrach an tseachtain seo chugainn.”

Maidir le cúrsaí oideachais, dúirt Mac Aodháin “Ba chóir go gcuirfeadh an Rialtas stop láithreach leis an ionsaí atá a dhéanamh aige ar an tumoideachas Gaeilge.”


Sinn Fein has just launched a campaign to give Irish priority on street signs, as part of its programme for Seachtain na Gaeilge.

Dublin Sinn Féin TD Aengus Ó Snodaigh and Ruadhán MacAodhán, the party’s local election candidate in Dublin North Central, have erected an Irish language street sign just above the main signpost on O’Connell Street, at the junction of Bachelor’s Walk and O’Connell Street.

Dublin Sinn Féin Councillor Críona Ní Dháiligh is to put forward a motion at a meeting of Dublin City Council to make Irish the leading language on all bilingual street signs in the city.

Speaking after yesterday's street-naming, Ruadhán MacAodhán said Sinn Féin was celebrating Seachtain na Gaeilge and taking the opportunity to highlight the Irish language.

"We have called for an increase in the use of Irish in the Dáil, proposing that 50% of all of next week’s proceeding should take place through the medium of Irish. We have hope that the Taoiseach’s questions will be taken in Irish.

“We are calling for Irish to be given priority on all bilingual street signs and a motion to this effect will be put to the City Council next week.

“We are also calling on the Government to honour Seachtain na Gaeilge by ending its attack on all-Irish early immersion teaching.”

No comments:

Post a Comment